D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2017.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Cistiú Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus maoirseacht orthu
Athbhreithniú Achtúireach ar an gCiste Árachais Shóisialaigh
Ró-íocaíochtaí an liúntais cuardaitheora poist aois-choibhneasa
Rialú gníomhaíochta othar príobháideach in ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí
Dul Chun Cinn na gCoimisinéirí Ioncaim i leith Dul i nGleic leis an Smugláil Tobac
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN)