45 Torthaí ag teacht le do chritéir
Is é misean ARC&C dearbhú neamhspleách a sholáthar go n-úsáidtear cistí agus acmhainní poiblí de réir an dlí.
Tá próiseas rialaithe an Státchiste saindeartha lena chinntiú, maidir le cistí arna n-eisiúint ón bPríomh-Chiste ag an mBanc Ceannais, go ndéantar iad a eisiúint i gcomhréir leis an dlí. Sa tuarascáil seo, a ullmhaíodh de réir fhorálacha Alt 2 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, mionsonraítear teagmhas inar tharla mainneachtain i ndáil le heisiúint den sórt sin an 28 Deireadh Fómhair 2022, nuair a d’eisigh an Banc Ceannais suim chuig an Aire a bhí €738 milliún níos mó ná an méid creidmheasa a bhí ar fáil dó ag an am.
Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar chostas an fhiosraithe agus an chúitimh um dhroch-úsáid leanaí. Den chuid is mó tá obair an Choimisiún um Dhrochúsáid Leanaí a Fhiosrú críochnaithe.
Dírítear sa tuarascáil seo ar acmhainn na n-institiúidí ardoideachais (IAOanna) chun tionscadail tógála mhórscála a phleanáil, a bhainistiú agus a sholáthar ar sceideal, laistigh den bhuiséad agus i leith an chaighdeáin a theastaíonn. Rinne an t-athbhreithniú scrúdú ar dheich dtionscadal a críochnaíodh san earnáil ardoideachais.